Leave us your email address and we'll send you all the new jobs according to your preferences.

Anailísí Sinsearach Rialála / Senior Regulatory Analyst

Posted 1 day 15 hours ago by EirGrid plc

Permanent
Full Time
Other
Leinster, Ireland
Job Description
Anailísí Sinsearach Rialála / Senior Regulatory Analyst (E) Anailísí Sinsearach Rialála

Táimid i gcroílár aistriú fuinnimh na hÉireann - ag nascadh, ag oibriú agus ag klaochlú na heangaí leictreachais chun tacú le todhchaí ísealcharbóin, in-athnuaite. Táimid ag tógáil foirne cumasacha a théann i ngleic le dúshláin fíorshaoil gach lá, foirne a chuidíonn linn ár sprioc a bhaint amach chun an eangach a ullmhú chun suas le 80% de leictreachas na hÉireann a iompar ó fhoinsí in-athnuaite. Táimid bródúil as a bheith deimhnithe mar Áit Iontach le Bheith ag Obair, aitheanta as ár gcultúr atá bunaithe ar mhuinín, comhoibriú agus cuimsiú. Ag EirGrid tiocfaidh tú ar fhoirne tacúla, deiseanna fáis agus obair fhiúntach. Cuirimid fostaíocht sheasmhach ar fáil chomh maith le raon polasaithe oibre solúbtha agus polasaithe a thacaíonn le teaghlaigh chun tacú le do shaol agus le d'fholláine. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi na rudaí atá ar fáil ag EirGrid duit, tabhair cuairt ar An Saol ag EirGrid. Más mian leat tionchar a imirt agus do ghairm bheatha a fhorbairt in eagraíochta atá dírithe ar chuspóirí, tosaíonn d'aistear anseo.

An Deis

Tá an Fhoireann um Rialáil an Ghrúpa freagrach as cur chuige straitéiseach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le cúrsaí rialála atá ag teacht le huaillmhianta Ghrúpa EirGrid. Tá ról lárnach ag an bhFoireann um Rialáil an Ghrúpa maidir le tacú le comhlíonadh Straitéis Chorparáideach Ghrúpa EirGrid in Éirinn agus i dtimpeallacht athraitheach fuinnimh na hEorpa, a bhfuil an t-aistriú fuinnimh, forbairt an fhuinnimh amach ón gcósta agus cúrsaí amhail idirnasc sa todhchaí ag baint leo sin. Is éard atá i gceist leis an méid sin ná bainistiú agus forbád caidreamh rialála; forbáid socruithe rialála, creataí ioncaim agus athbhreithnithe praghsanna; cruthú an Bheartais um Rialáil an Ghrúpa; bainistíú an phróisis um Luchtú Custaiméara do pháirtithe atá le nascadh in Éirinn; agus maoirseacht ar chomhlíonadh rialála agus ar gach aon cheadúnú, údarú rialála agus toiliú ábhartha.

Mar Anailísí Sinsearach Rialála, beidh ról lárnach agat i gcothabháil a dhéanamh ar chaidreamh rialála EirGrid leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntais agus le Coiste an Mhargaidh Leictreachais Aonair (SEM) ar réimse saincheisteanna. Cuirfidh tú le treo straitéiseach rannpháirtíocht rialála na cuideachta agus beidh tionchar agat air, ag tacú le príomhriachtanais cheadúnais agus rialála agus ag comhlíonadh iad, ag obair laistigh d'fhoireann iomráiteach, agus le pearsanra sinsearach ar fud na heagraíochta a chlúdaíonn réimse disciplíní.

Príomhfhreagrachtaí
  • Feidhmiú mar phríomhphointe teagmhála d'fheidhmeanna gnó sonracha, ag soláthar comhairle rialála ata soiléir, gonta agus tráthúil do na feidhmeanna gnó sin agus don bhainistíocht shinsearach maidir le hidirghníomhaíochtaí agus aighneachtaí rialála.
  • Tacú le forbhrathe foirne sa Chlár Rialála agus san fhoireann Chomhlíonta.
  • Feidhmiú mar cheannaire Rialála Grúpa ar aighneachtaí rialála casta agus mar phointe teagmhála leis na hÚdaráis Rialaithe maidir leis na haighneachtaí céanna.
  • Bheith i do shaineolaí ar thosaíochtaí na bhfeidhmeanna gnó sonracha, ag anailísiú na ngnéithe rialála agus ag soláthar comhairle atá tráthúil agus ar ardchaighdeán.
  • Tacú le táirgí insoláthartha agus idirghníomhaíochtaí rialála, ó bhéal agus i scríbhinn araon, de réir mar is gá.
  • Oibrigh leis an ngnólacht chun a chinntiú go seachadtar comhlíonadh rialála agus aighneachtaí eile in am agus go bhfuil siad comhsheasmhach le ceanglais rialála agus ceanglais ábhartha eile.
  • Caidrimh a fhorbairt le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
  • Feasacht agus tuiscint a chur chun cinn i dtaobh na timpeallachta rialála ina bhfeidhmíonn EirGrid.
  • I gcomhar leis an bhFoireann um Rialáil an Ghrúpa, a chinntiú go bhfuil ailíniú ann le straitéis agus tosaíochtaí rialála Ghrúpa EirGrid.
  • Aon tascanna ad-hoc eile a dhéanamh de réir mar is gá ó am go ham chun tacú le straitéis rialála EirGrid a chur i gcrích.
Maidir Leatsa
  • Céim ábhartha nó cáilíocht choibhéiseach sa ghnó, san innealtóireacht, san eacnamaíocht nó i ndisciplín gaolmhar.
  • Taithí 4 bliana ar a laghad, tar éis cáilíocht a bhaint amach, i bpost den chineál céanna.
  • An cumas eolas suntasach tionscail a thuiscint go tapa, a shintéisiú agus a choinneáil, lena n-áirítear Cinntí Rialála agus Reachtaíocht na Tíre agus Eorpach.
  • Cumas líonra láidir de pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha a fhorbairt chun tacú le comhlíonadh ceanglas rialála.
  • Cumas daoine eile a threorú, áitiú orthu, tionchar a imirt orthu agus a ndúshlán a thabhairt dóibh trí scileanna idirphearsanta agus eagraithe forbartha.
  • Cumas cáipéisíocht a dhréachtú agus a athbhreithniú ar bhealach loighciúil, fianaisebhunaithe, soiléir agus gonta.
  • Sárscileanna anailíseacha cáilíochtúla agus cainníochtúla.
  • Cumas smaoineamh go cruthaitheach agus rud a dhéanamh ar do chonlán féin.
  • Cumas cruthaithe chun oibriú ar bhealach solúbtha agus an cumas chun ualach oibre a eagrú chun tosaíocht a thabhairt go héifeachtach.
Tabhair faoi deara go bhfaighimid líon mór iarratas, agus d'fhéadfadh ár n-am freagartha a bheith éagsúil toisc go ndéantar athbhreithniú cúramach ar gach iarratas. Má aontaíonn tú go mbreithneofar thú le haghaidh róil eile, d'fhéadfadh moill a bheith ar an bhfreagra a fhaigheann tú agus muid ag iarraidh a fháil amach cén ról is fearr a oireann don taithí atá agat. Is mór againn do chuid foighne.

Cuirimid an luach céanna ar acmhainneacht is a chuirimid ar thaithí.Má chreideann tú gur féidir leat rath a bhaint amach sa ról seo, molaimid duit iarratas a dhéanamh, fiú mura gcomhlíonann tú gach riachtanas.

Táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú in EirGrid. Aithníonn muid an neart a thagann as lucht saothair éagsúil a bheith againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil dár ndaoine uile chun a n-acmhainneacht a bhaint amach. Dearadh ár líonraí éagsúlachta agus cuimsithe chun cultúr cuimsitheach a chruthú a chuireann ar chumas ár ndaoine muintearas a mhothú ag an obair.

Mar fhostóir comhdheiseanna, cuireann muid fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas earcaíochta.

Senior Regulatory Analyst
We are at the heart of Ireland's energy transition - connecting, operating and transforming the electricity grid to support a low carbon, renewable future.

We are building talented teams that tackle real world challenges every day and help us to achieve our goal to prepare the grid to carry up to 80% of Ireland's electricity from renewable sources. We are proud to be a certified Great Place to Work, recognised for our culture built on trust, collaboration and inclusion. At EirGrid you will find supportive teams, opportunities to grow and meaningful work. We also offer secure employment with a range of flexible andfamily friendlyworking policies to support your life and wellbeing. If you want to know more about what EirGrid has to offer you, visit Life at EirGrid .
If you are ready to make an impact and grow your career in a purpose-led organisation,your journey starts here.

The Opportunity
The Group Regulation Teamis responsible fordeveloping and implementing a strategic approach to regulatory matters which align with the ambitions of theEirGridGroup. The Group Regulation Team has a pivotal role to play in supporting the delivery ofEirGridGroup's Corporate Strategy in Ireland and in the context of the evolving European energy landscape, including the energy transition, offshore development and matters such as future interconnection.

This includes management and development of regulatory relationships, development of regulatory arrangements, revenue frameworks and pricereviews, formulation of Group Regulation Policy, management of the Customer Charging process for connecting parties in Ireland, and oversight of regulatory compliance and all relevant licensing, regulatoryauthorisationsand consents.

As Senior Regulatory Analyst, you will have a key role in key to maintainingEirGrid'sregulatory relationship with the Commission for Regulation of Utilities and the SEM Committee across a range of issues. You will contribute to and influence the strategic direction of the company's regulatory engagement, supporting and delivering key licence and regulatory requirements, working within ahigh-profileteam, and with senior personnel across the organisation covering a variety of disciplines.

Key Responsibilities
  • Act asprimarypoint of contact for specific business functions, providing clear,conciseandtimelyregulatory advice to those business functions and to senior management in relation to regulatory interactions and submissions.
  • Supportdevelopmentof staff in the Regulation Programme &Compliance team .
  • Act as Group Regulationleadon complex regulatory submissions and as point of contact with the Regulatory Authorities in relation to those submissions.
  • Become an expert in the priorities of the specific business functions,analysingthe regulatory aspects and providingtimelyand quality advice.
  • Support regulatory deliverables and interactions, in both verbal and written format,asrequired.
  • Work with the business to ensure regulatorycomplianceand other submissions are delivered on time and are consistent with regulatory and other relevant requirements.
  • Develop key internal and external stakeholder relationships.
  • Promote awareness and understanding of the regulatory environmentEirGridoperates in.
  • In collaboration with the Group Regulation Team . click apply for full job details
Email this Job